Artwork

Nội dung được cung cấp bởi Conradh na Gaeilge i Londain. Tất cả nội dung podcast bao gồm các tập, đồ họa và mô tả podcast đều được Conradh na Gaeilge i Londain hoặc đối tác nền tảng podcast của họ tải lên và cung cấp trực tiếp. Nếu bạn cho rằng ai đó đang sử dụng tác phẩm có bản quyền của bạn mà không có sự cho phép của bạn, bạn có thể làm theo quy trình được nêu ở đây https://vi.player.fm/legal.
Player FM - Ứng dụng Podcast
Chuyển sang chế độ ngoại tuyến với ứng dụng Player FM !

14 Nollaig 2024 (Baile Átha Cliath)

4:37
 
Chia sẻ
 
Manage episode 455455363 series 2770343
Nội dung được cung cấp bởi Conradh na Gaeilge i Londain. Tất cả nội dung podcast bao gồm các tập, đồ họa và mô tả podcast đều được Conradh na Gaeilge i Londain hoặc đối tác nền tảng podcast của họ tải lên và cung cấp trực tiếp. Nếu bạn cho rằng ai đó đang sử dụng tác phẩm có bản quyền của bạn mà không có sự cho phép của bạn, bạn có thể làm theo quy trình được nêu ở đây https://vi.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Ar an ochtú lá de mhí na Nollag, ghabh reibiliúnaithe armtha príomhchathair na Siria, an Damaisc, rud a spreag an rialóir fadtréimhseach forlámhach, an tUachtarán Bashar al-Assad, chun teitheadh as an tír. Fógraíodh Dé Domhnaigh go bhfuil tearmann tugtha do Assad sa Rúis. Tagann an t-aistriú seo tar éis 13 bliana de chogadh cathartha agus tugann sé deireadh éifeachtach le riail réimeas Assad. D’iarr príomh-aire eatramhach nua na Siria, Mohamed al-Bashir, ar na Siriaigh a theith ó réimeas Assad agus atá ag lorg tearmainn ar fud na cruinne “teacht ar ais”. “Ní mór dúinn atógáil, ár dtír a fháil ar a cosa arís agus tá cúnamh gach duine ag teastáil,” a dúirt sé in agallamh le meáin na hIodáile. Chuir tráchtairí timpeall an domhain fáilte chúramach roimh dheireadh réimeas Assad, a tháinig i gcumhacht tar éis bhás a athar sa bhliain 2000.

Gabhadh fear óg mar amhrastach as marú Príomhoifigeach Feidhmiúcháin árachas sláinte ardphróifíle i Nua-Eabhrac. Caitheadh Brian Thompson go luath ar maidin an tseachtain seo caite in Manhattan. Tá aird shuntasach agus tráchtaireacht tarraingthe ar an gcás ar líne agus sna meáin, rud a léiríonn an frustrachas agus fearg atá ar go leor Meiriceánach faoi chóras leighis príobháideach Mheiriceá. Gabhadh Luigi Mangione, atá 26 bliain d'aois, in Pennsylvania tar éis leid ó oibrí McDonald's agus tá sé cúisithe as an dúnmharú. Cé gur mhol roinnt tráchtairí ar líne é mar laoch, rinne daoine eile anailís ar a phoist ar líne agus iad ar thóir leideanna idé-eolaíocha maidir lena spreagadh.

Chuir Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, fáilte roimh aíonna lena n-áirítear Donald Trump chuig Ardeaglais Notre-Dame i bPáras dá searmanas athoscailte, cúig bliana go leith tar éis dóiteán ollmhór gur bheag nár scrios an Ardeaglais go huile is go hiomlán. Athchóiríodh an foirgneamh meánaoiseach atá 860 bliain d'aois go dícheallach, le spuaic nua agus a taca crochta agus gargúilí cloiche snoite athchóirithe ar ais mar a bhí siad roimhe. D'oibrigh na mílte saineolaithe - idir siúinéirí agus saoir chloiche agus ealaíontóirí fuinneoga gloine dhaite - ag baint úsáide as seanmhodhanna chun gach rud a scriosadh nó a ndearnadh damáiste dóibh a dheisiú nó a athsholáthar.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

cogadh cathartha - civil war

príomh-aire eatramhach - interim prime minister

amhrastach - suspect (person)

árachas sláinte - health insurance

searmanas athoscailte - reopening ceremony

spuaic - spire

  continue reading

276 tập

Artwork

14 Nollaig 2024 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

47 subscribers

published

iconChia sẻ
 
Tất cả các tập

×
 
Loading …

Chào mừng bạn đến với Player FM!

Player FM đang quét trang web để tìm các podcast chất lượng cao cho bạn thưởng thức ngay bây giờ. Đây là ứng dụng podcast tốt nhất và hoạt động trên Android, iPhone và web. Đăng ký để đồng bộ các theo dõi trên tất cả thiết bị.

Hướng dẫn sử dụng nhanh

Nghe chương trình này trong khi bạn khám phá
Nghe