Artwork

Nội dung được cung cấp bởi Conradh na Gaeilge i Londain. Tất cả nội dung podcast bao gồm các tập, đồ họa và mô tả podcast đều được Conradh na Gaeilge i Londain hoặc đối tác nền tảng podcast của họ tải lên và cung cấp trực tiếp. Nếu bạn cho rằng ai đó đang sử dụng tác phẩm có bản quyền của bạn mà không có sự cho phép của bạn, bạn có thể làm theo quy trình được nêu ở đây https://vi.player.fm/legal.
Player FM - Ứng dụng Podcast
Chuyển sang chế độ ngoại tuyến với ứng dụng Player FM !

18 Samhain 2023 (Tír Eoghain)

5:12
 
Chia sẻ
 
Manage episode 384490554 series 2770343
Nội dung được cung cấp bởi Conradh na Gaeilge i Londain. Tất cả nội dung podcast bao gồm các tập, đồ họa và mô tả podcast đều được Conradh na Gaeilge i Londain hoặc đối tác nền tảng podcast của họ tải lên và cung cấp trực tiếp. Nếu bạn cho rằng ai đó đang sử dụng tác phẩm có bản quyền của bạn mà không có sự cho phép của bạn, bạn có thể làm theo quy trình được nêu ở đây https://vi.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.

Tharla comhdháil i nGána an tseachtain seo inar tháinig comhaltaí le chéile ón Aontas Afracach agus Cómhargadh Mhuir Chairib, 75 tír san iomlán. Tá sé ar intinn acu seasamh gualainn ar ghualainn chun áitiú ar thíortha Eorpacha cúiteamh a dhíol as coireanna stairiúla, lena n-áirítear an trádáil thrasatlantach sclábhaíochta. Foilseofar Forógra Accra, ina leagfar amach conas a rachaidh an feachtas chun cinn. Ceaptar go mbeidh ráiteas cuimsitheach chun leithscéal a ghabháil le muintir de bhunús Afracach i measc na n-iarratas. Rinne Rí Séarlas III den Ríocht Aontaithe tagairt don stair agus é ar cuairt sa Chéinia le déanaí ach ní dhearna sé leithscéal foirmiúil. Tá eagraíochtaí eile amhail Ollscoil Ghlaschú agus Eaglais Shasana i ndiaidh gealladh go dtabharfaidh siad na milliúin punt chun cúiteamh a dhéanamh i leith coireanna a rinneadh san am atá thart.

In Éirinn, tugadh príosún saoil don fhear a dhúnmharaigh an múinteoir bunscoile Ashling Murphy i mí Eanáir 2022. Bhí an bhean óg, a bhí 23 bliana d’aois ag an am, amuigh ag rith in aice le canáil um thráthnóna nuair a rinneadh ionsaí uirthi. Shéan an cosantóir go ndearna sé an choir, in ainneoin go raibh scéalta eile inste aige cheana. Léigh páirtí agus muintir Ashling ráitis tionchair íospartaigh ag an Phríomh-Chúirt Choiriúil Dé hAoine, inar chuir siad in iúl an croíbhriseadh atá orthu ar fad. Meastar go bhfuil foréigean in aghaidh ban ina ghéarchéim anois, agus ocht mbean déag eile maraithe ó fuair Ashling bás.

Fógraíodh inné go mbainfear 10 bpointe den chlub sacair Everton mar gheall ar sháruithe ar rialacha a bhaineann le cothromaíocht airgeadais i bpríomhshraith an spóirt i Sasana. Faoi rialacha na sraithe sin, níl cead ag club ar bith níos mó ná £105m a chailleadh sa bhliain, ach tugadh le fios gur chaill an club, atá lonnaithe i Learpholl, beagnach £400m le linn trí bliana. Is é seo an pionós is airde a gearradh ar chlub sa tsraith, ach thiocfadh leis an scéal dul in olcas dóibh mar tá clubanna eile ag bagairt cás dlí a thabhairt ina n-éadan, ós rud é gur cuireadh síos i sraith níos ísle iadsan sa tréimhse chéanna, agus Everton ag fanacht sa phríomhshraith. Cuireadh níos mó ná céad sárú ar na rialacha i leith Manchester City ach níl fíorasc tugtha go fóill.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

coireanna stairiúla - historic crimes

an trádáil thrasatlantach sclábhaíochta - the transatlantic slave trade

príosún saoil - life sentence

foréigean in aghaidh ban - violence against women

cothromaíocht airgeadais - financial fair play

príomhshraith - premier league

  continue reading

237 tập

Artwork

18 Samhain 2023 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconChia sẻ
 
Tất cả các tập

×
 
Loading …

Chào mừng bạn đến với Player FM!

Player FM đang quét trang web để tìm các podcast chất lượng cao cho bạn thưởng thức ngay bây giờ. Đây là ứng dụng podcast tốt nhất và hoạt động trên Android, iPhone và web. Đăng ký để đồng bộ các theo dõi trên tất cả thiết bị.

Hướng dẫn sử dụng nhanh