Artwork

Nội dung được cung cấp bởi Conradh na Gaeilge i Londain. Tất cả nội dung podcast bao gồm các tập, đồ họa và mô tả podcast đều được Conradh na Gaeilge i Londain hoặc đối tác nền tảng podcast của họ tải lên và cung cấp trực tiếp. Nếu bạn cho rằng ai đó đang sử dụng tác phẩm có bản quyền của bạn mà không có sự cho phép của bạn, bạn có thể làm theo quy trình được nêu ở đây https://vi.player.fm/legal.
Player FM - Ứng dụng Podcast
Chuyển sang chế độ ngoại tuyến với ứng dụng Player FM !

2 Nollaig 2023 (Ard Mhacha)

5:19
 
Chia sẻ
 
Manage episode 387211545 series 2770343
Nội dung được cung cấp bởi Conradh na Gaeilge i Londain. Tất cả nội dung podcast bao gồm các tập, đồ họa và mô tả podcast đều được Conradh na Gaeilge i Londain hoặc đối tác nền tảng podcast của họ tải lên và cung cấp trực tiếp. Nếu bạn cho rằng ai đó đang sử dụng tác phẩm có bản quyền của bạn mà không có sự cho phép của bạn, bạn có thể làm theo quy trình được nêu ở đây https://vi.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá de mhí na Nollag. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

Tá a mbuíochas léirithe ag teaghlach Emily Hand leo siúd a thacaigh leo an cailín Éireannach-Iosraelach atá naoi mbliana d'aois a fháil ar ais ó fhuadach Hamas. Tá sé ráite ag an Taoiseach, Leo Varadkar, gur freagraíodh paidreacha an náisiúin nuair a fógraíodh go raibh Emily Hand saor ó bhraighdeanas in Gaza. Cuireadh síneadh leis an sos cogaidh idir Iosrael agus Hamas agus scaoileadh níos mó giall idir phríosúnaigh in Gaza agus Phalaistínigh i ngéibheann in Iosrael. Tugann an sos cogaidh deis cúnamh daonnúil a bhfuil géarghá leis a cheadú isteach i stráice Gaza.

Tá sé fógartha go bhfuil an t-amhránaí agus cumadóir amhrán Shane MacGowan tar éis bháis. Scríobh na Pogues ar na meáin shóisialta, "Fuair Shane bás suaimhneach ag 3am ar maidin lena bhean chéile Victoria agus a theaghlach taobh leis." Chaith sé roinnt míonna in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath i mbliana ach scaoileadh amach é seachtain ó shin agus d’fhill abhaile chun am a chaitheamh lena chairde agus lena theaghlach. Bhí clú agus cáil air as an ról sa bhanna ceoil na Pogues agus an singil iomráiteach a bhí acu, Fairytale of New York. Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn gur “Cheangail a chuid focal na hÉireannaigh ar fud na cruinne lena gcultúr agus lena stair, ag cuimsiú an oiread sin mothúcháin dhaonna ar na bealaí is fileata.”

Tá sé ráite ag Coimisinéir na nGardaí go bhfuil an tAonad Ord Poiblí le 200 taser a fháil, agus go bhfuil sé ag iarraidh go gcuirfí dhá ghunna uisce ar fáil go buan. Dúirt an Coimisinéir Drew Harris leis an Choiste Oireachtais um Dhlí agus Cirt go bhfuil gardaí ag imscaradh dhá ghunna uisce, atá ar iasacht ón PSNI, i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Beidh ceamaraí coirp ar fáil sa phríomhchathair go luath in 2024, bliain níos luaithe ná mar a bhí beartaithe ar dtús, agus tá gach garda tosaigh chun sprae piobair níos láidre a fháil. D’athraigh an rialtas an dlí an tseachtain seo caite chun úsáid a bhaint as ceamairí coirp tar éis an fhoréigin i mBaile Átha Cliath.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

  continue reading

237 tập

Artwork

2 Nollaig 2023 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconChia sẻ
 
Tất cả các tập

×
 
Loading …

Chào mừng bạn đến với Player FM!

Player FM đang quét trang web để tìm các podcast chất lượng cao cho bạn thưởng thức ngay bây giờ. Đây là ứng dụng podcast tốt nhất và hoạt động trên Android, iPhone và web. Đăng ký để đồng bộ các theo dõi trên tất cả thiết bị.

Hướng dẫn sử dụng nhanh