Artwork

Nội dung được cung cấp bởi Conradh na Gaeilge i Londain. Tất cả nội dung podcast bao gồm các tập, đồ họa và mô tả podcast đều được Conradh na Gaeilge i Londain hoặc đối tác nền tảng podcast của họ tải lên và cung cấp trực tiếp. Nếu bạn cho rằng ai đó đang sử dụng tác phẩm có bản quyền của bạn mà không có sự cho phép của bạn, bạn có thể làm theo quy trình được nêu ở đây https://vi.player.fm/legal.
Player FM - Ứng dụng Podcast
Chuyển sang chế độ ngoại tuyến với ứng dụng Player FM !

28 Nollaig 2024 (Tír Eoghain)

6:09
 
Chia sẻ
 
Manage episode 457911744 series 2770343
Nội dung được cung cấp bởi Conradh na Gaeilge i Londain. Tất cả nội dung podcast bao gồm các tập, đồ họa và mô tả podcast đều được Conradh na Gaeilge i Londain hoặc đối tác nền tảng podcast của họ tải lên và cung cấp trực tiếp. Nếu bạn cho rằng ai đó đang sử dụng tác phẩm có bản quyền của bạn mà không có sự cho phép của bạn, bạn có thể làm theo quy trình được nêu ở đây https://vi.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail.

Cailleadh tríocha a hocht duine Lá Nollag nuair a thuirling eitleán ón Asarbaiseáin de thuairt sa Chasacstáin. Bhí beagnach seachtó duine ar bord an eitleáin, a d’fhág Baku, príomhchathair na hAsarbaiseáine, go luath maidin Dé Céadaoin. Bhí an t-eitleán ag iarraidh tuirlingt in Grozny sa tSeisnia nuair a mhothaigh na paisinéirí trí phléasc agus cuireadh an t-eitleán ar atreo trasna Mhuir Chaisp go cósta thiar na Casacstáine, 450 ciliméadar soir. Tuairiscíodh sa Rúis gur bhuail ealta éan an t-eitleán ach cuireadh an locht ar an Rúis féin ina dhiaidh sin, agus saineolaithe ag rá gurbh iad diúracáin aerchosanta a bhuail an t-eitleán. Tá aerlínte náisiúnta na hAsarbaiseáine agus na Casacstáine i ndiaidh cosc a chur ar eitiltí áirithe go dtí an Rúis.

Tá an tsaoráid sláinte dheireanach i dtuaisceart Gaza as seirbhís, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Tá ranna tábhachtacha san ospidéal scriosta agus faoi thine i ndiaidh ionsaithe a rinne arm Iosrael, a deir gur “daingean na sceimhlitheoirí” atá san ospidéal. Tá 25 othar atá go dona tinn fós san fhoirgneamh, ach bogadh iad siúd nach bhfuil ach measartha tinn amach go láthair eile atá scriosta, otharlann a tógadh le hairgead ón Indinéis sa bhliain 2016 ach atá ina fothrach anois. Maraíodh cúigear iriseoirí in Gaza Déardaoin agus rinneadh aerionsaithe ar shúiomhanna in Éimin fosta.

Tá tíogar Sumatrach darb ainm Dao tagtha go Páirc Dhúlra Fhóite i gContae Chorcaí. Deirtear go bhfuil an tíogar, atá dhá bhliain d’aois, ag socrú isteach go maith agus go gcuirfear le chéile le tíogar baineann darb ainm Jambi é in iarracht an speiceas a chaomhnú. Tá tíogair Shumatracha ar an speiceas is lú de thíogar agus tá siad i mbaol a ndíothaithe ina ngnáthóg nádúrtha mar gheall ar dhífhoraoisiú agus ar phóitseáil. Tá níos lú ná 350 tíogar Sumatrach fágtha anois ach táthar ag súil go mbeidh coileáin ag Dao agus Jambi gan mhoill. Rugadh an tíogar Sumatrach deireanach i bPáirc Dhúlra Fhóite sa bhliain 2019 agus rugadh dhá choileán don tíogar sin i Zú Chester i Sasana ó shin. Go n-éirí go geal le Dao agus Jambi.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

tuairt - crash

ealta éan - a flock of birds

saoráid sláinte - health facility

daingean na sceimhlitheoirí - stronghold of terrorists

gnáthóg nádúrtha - natural habitat

coileán - cub

  continue reading

279 tập

Artwork

28 Nollaig 2024 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

46 subscribers

published

iconChia sẻ
 
Tất cả các tập

×
 
Loading …

Chào mừng bạn đến với Player FM!

Player FM đang quét trang web để tìm các podcast chất lượng cao cho bạn thưởng thức ngay bây giờ. Đây là ứng dụng podcast tốt nhất và hoạt động trên Android, iPhone và web. Đăng ký để đồng bộ các theo dõi trên tất cả thiết bị.

Hướng dẫn sử dụng nhanh

Nghe chương trình này trong khi bạn khám phá
Nghe